top of page
Search

Eagrán 2: Dea-scéalta na Seachtaine (Scríbhinn/Transcript)

  • gaeilgegodeooo
  • Jan 27, 2021
  • 8 min read


ree

Focail úsáideacha ón eagrán/Useful words from the episode:

dearmad a dhéanamh - to forget

de dhíth ar - to need

gruama - gloomy

gan a thuilleadh moille - without further delay

an Íoslainn - Iceland

mír - segment

ar intinn ag - to intend to

a bheith meáite ar - to be determined to

sanasaíocht - etymology

firinscneach - masculine

coícís - fortnight

fealsúnacht - philosophy

comharsana - neighbours

cé chomh______! - how_________! (exclamation - e.g. how cool!)

ar fáil - available

trasphlandú - transplant

tagairt - a reference

miotóga - mittens

searmanas insealbhaithe - inauguration ceremony

dearfach - positive


Scríbhinn As Gaeilge


Haigh a chara agus fáilte go heagrán 2 de “Imperfect Irish”! Conas atá tú inniu? Aon scéal? Le gach rud atá ar siúl timpeall an domhain, measaim go bhfuil dea-scéalta de dhíth orainn go léir. Don eagrán seo beimid ag éisteacht le cúpla deascéal. Tá na meáin shóisialta, an teilifís agus an raidio plódaithe le nó lán de nuacht diúltach faoi láthair agus mar sin tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar go bhfuil rudaí dearfacha ag tarlú freisin. Chomh maith leis sin, bhí an Luan Gorm againn an tseachtain seo…dun dun dun... Deirtear gur é an tríú Luan de mhí Eanáir an lá is gruama den bhliain ar fad agus sin an fáth gur thugtar ‘Luan Gorm’ air. Níl aon amhras go bhfuil rudaí diúltacha le feiceáil agus le cloisteáil go forleathan timpeall orainn le déanaí. Gan a thuilleadh moille, ar aghaidh linn leis na dea-scéalta!


Tagann an chéad dea-scéal ón Íoslainn. Bogadh dhá mhíol mór bán, a chaith blianta i ngéibheann ag déanamh siamsa do dhaoine ag uisceadán i Shanghai sa tSín, go tearmann uisce oscailte san Íoslainn. Eitlíodh na míolta móra, ceithre méadar an ceann, ar thuras tríocha uair ó Changfeng Ocean World go tearmann i mbá ar oileán san Íoslainn. Tá súil ag caomhantóirí go spreagfaidh an tearmann seo feachtais eile chun míolta móra agus deilfeanna a scaoladh saor.


Deirtear gur ‘deacair seanslat a shníomh’ ach níl sé sin fíor i gcás Giuseppe Paternò, an céimí is sine san Iodáil ag nócha sé bliana d’aois. Bhain Paternò a chéim amach i 2020. Shocraigh sé céim sa fealsúnacht a dhéanamh sa bhliain 2017. Nuair a bhí sé á dhéanamh, bhí a chomharsana i gcónaí ag rá: “A Giuseppe cán fáth an strus seo ag d’aois?”. Níor thuig siad go raibh sé meáite ar a bhrionglóid a bhaint amach beag beann ar a aois. Ní raibh an seans aige freastail ar an ollscoil roimhe sin a bhuí le bochtanas agus le cogadh. Ach faoi dheiridh i 2020 fuair sé an céim le céadonóracha. Maith thú a Giuseppe!


Agus anois a chara, sos beag ón dea-nuacht chun téarma an lae a chloisteáil. Don mhír seo de gach eagrán tá sé ar intinn agam a bheith ag caint faoi théarma atá bainte go díreach nó go hindíreach le téama an eagráin. Is é téarma an lae inniu ná ‘scéal’. Is focal firinscneach é scéal a chiallaíonn cuntas stariúil (mar shampla, scéal na hÉireann), eachtra (m.sh. scéal grin), cuntas nó cur síos ar rud a tharla (m.sh. scéal tubaisteach) nó nuacht (m.sh. an bhfuil aon scéal agat?). Ach céárd faoina shanasaíocht ? Cosúil leis na focail i Manainnis, skeeal, agus i nGàidhlig, sgeul, tagann an focal ón Sean-Ghaeilge, scél. An féidir leat seanfhocal nó frása a aimsiú leis an bhfocal scéal mar chuid de?


Ar ais go níos mó dea-scéalta anois. I mí Lúnasa lainseáladh brící Braille, déanta le LEGO. Cruthaíodh na brící chun cabhair a thabhairt do dhaoine, go háirithe páistí, atá dall nó a bhfuil lagú radhairc orthu Braille a fhoghlaim i mbealach suimiúil agus spraíúil. Tá na brící ar fáil sa Bhrasaíl, sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Iorua, sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa Fhrainc - an áit inar rugadh Louis Braille an fear a chéadcheap Braille. Litríonn na stodaí ar na brící an aibítir Braille amach. Chomh maith leis sin, tá na litreacha priontáilte ar na brící chun a bheith cinnte go bhfuil piaraí a bhfuil radharc na súl acu in ann iad a úsáid ag an am céanna. Is acmhainn áisiúil agus ionchuimsitheach í.


Ó LEGO go lámha, eachtra dochreidte anois ón Fhrainc. Fuair Felix Gretarsson fear ón Íoslainn (is cosúil gur é lá na hÍoslannaigh inniu), fuair Felix trasphlandú dhá lámh i Lyon sa Fhrainc. An chéad obráid sa leithéid, mhínigh na máinlianna go raibh Felix ag teacht chuige féin tar éis na hobráide. Gach rath ort a Felix amach anseo.


Anois ag taistil go dtí an Tuirc – tá dea-nuacht ar fáil ar fud na cruinne. D’fhan madra dílis taobh amuigh de ospidéal ar feadh sé lá go dtí go raibh a húinéir scaoilte amach. Tógadh an fear go dtí an t-ospidéal nuair a d’fhulaing sé le heambólacht inchinne. Ag fanacht ar a húinéir, a comrádaí, thug foireann an ospidéil bia don mhadra darb ainm Boncuk, ‘Beads’ as Béarla nó ‘Coirníní’ as Gaeilge – tagairt dá cuid súile cnódhonna. Rinne iníon an othair iarracht an madra a thabhairt abhaile léi fiú amháin ach dhiúltaigh an madra agus bheartaigh sí fanacht ann an t-am ar fad. Tháinig lúcháir ar an madra nuair a chonaic sí a húinéir ag fágail an ospidéil níos luaithe an tseachtain seo. Nach gleoite an scéal é? Cara dílis an duine? Déarfainn go bhfuil sé sin i gceart.


Do go leor daoine an tseachtain seo, ba é an nóiméad is dearfaí ná nuair a d’fhág Donald Trump Washington DC ar aerfhórsa 1. Cé gur chualamar Lady Gaga agus J Lo ag canadh ag searmanas insealbhaithe Joe Biden, thug Bernie Sanders agus a miotóga an svae leo. Cruthaíodh an-chuid méimeanna as an ngrianghraf. Ní amháin gur thóg an scéal ár gcroíthe ach tháinig maith as freisin, mar rinne Bernie cinneadh an méim a chur ar gheansaithe agus iad a dhíol chun airgead a bhailiú do charthanachtaí sna Stáit Aontaithe cosúil le béilí ar rothaí. Cé chomh álainn is atá sé sin?!


An bhfuil aon deascéalta agat inniu? Ní caithfidh do scéal a bheith dochreidte ná neamhghnách. Is minic a aimsimid sonas agus suaimhneas sna rudaí beaga sa saol.


Is iontach an rud é a bheith ag éisteacht le dea-nuacht agus is féidir le rudaí dearfacha misneach a thabhairt dúinn. É sin ráite má tá tú ag streachailt, is smaoineamh maith é cabhair a fháil. Téigh i dteagmháil le cara nó le duine ó do theaghlach nó téigh chuig do dhochtúir. Fágfaidh mé naisc do thacaíochta, línte cabhracha san áireamh, sa bio a théann leis an eagrán seo.


Míle buíochas as a bheith ag éisteacht leis an eipeasóid seo. Brón an domhain orm más rud é nár fhuaimnigh mé rud éigin i gceart – go háirithe na hainmneacha. Is féidir leat dul i dteagmháil liom ar Instagram nó ríomhphost a sheoladh chugam. Bíodh coícís den chéad scoth agat. Go dtí an chéad eagrán eile, fan slán, labhair Gaeilge agus lean ar aghaidh ag déanamh botúin!





Scríbhinn As Béarla


Hi my friend and welcome to episode 2 of "Imperfect Irish"! How are you today? How's it going? With everything that's going on around the world, I think we all need some good news. For this edition we will be listening to a few good news stories. Social media, TV and radio are currently overcrowded with or full of negative news so it's easy to forget that positive things are happening too. Also, we had Blue Monday this week...dun dun dun. . . It is said that the third Monday of January is the gloomiest (most depressing) day of the year and that is why it is called 'Blue Monday'. There is no doubt that negative things are to be seen and heard around us recently. Without further delay, let’s hear some good stories!


The first good news story comes from Iceland. Two beluga whales, who spent years in captivity entertaining people at an aquarium in Shanghai in China, were moved to an open water refuge in Iceland. The whales, four metres long each, were flown on a thirty-one-hour trip from Changfeng Ocean World to the sanctuary in a bay on an island in Iceland. Conservationists hope that this sanctuary will encourage other campaigns to free whales and dolphins.


It is said to be 'difficult to spin an old rod' (you can’t teach an old dog new tricks) but that's not true in the case of Giuseppe Paternò, Italy’s oldest graduate at the age of ninety-six years old. Paternò graduated in 2020. He decided to do a philosophy degree in 2017. While he was doing it, his neighbours were always saying: "Giuseppe, why this stress at your age?". They did not understand that he was determined to achieve his dream regardless of his age. He did not have the chance to attend university before that due to poverty and war. But finally, in 2020 he got his degree with first honours. Well done Giuseppe!


And now my friend, a small break from good news stories to hear the term of the day. For this part of each episode, I intend to talk about a term that is directly or indirectly related to the theme of the episode. Today's term is 'story'. Story is a masculine word meaning an historical account (e.g., Irish story), a tale (e.g., grin story), an account or description of what happened (e.g., a tragic story) or news (e.g., do you have any story/news?). But what about its etymology? Like the words in Manx, ‘skeeal’, and in Gàidhlig, ‘sgeul’, the word comes from Old Irish, ‘scél’. Can you find a proverb or phrase with the word ‘story’ as part of it?


Back to more good stories now. Braille bricks were launched in August, made by LEGO. The bricks were created to help people, especially children, who are blind or visually impaired to learn Braille in an interesting and fun way. The bricks are available in Brazil, Denmark, Germany, Norway, the UK, USA and France - the place where Louis Braille was born, the man who first invented Braille. The studs on the bricks spell out the Braille alphabet. Also, the letters are printed on the bricks to be sure that sighted peers can use them simultaneously. It is a useful and inclusive resource.


From LEGO to hands, now an incredible tale from France. Felix Gretarsson, a man from Iceland (apparently a day for the Icelanders today), Felix received a two-hand transplant in Lyon in France. The first surgery of its kind, the surgeons explained that Felix was recovering well after the operation. Every good wish Felix from here on out.


Now travelling to Turkey – good news is all over the world. A faithful dog remained outside a hospital for six days until her owner was discharged. The man was taken to hospital when he suffered from a brain embolism. Awaiting her owner, the hospital staff gave food to the dog named Boncuk, 'Beads' in English or 'Coirníní' in Irish - a reference to her hazel eyes. The patient's daughter even tried to bring the dog home with her, but the dog refused and decided to stay there the whole time. The dog was delighted when she saw her owner leaving the hospital earlier this week. Isn't it an adorable story? Man’s best friend? I would say so.


For many people, this week the most positive moment was when Donald Trump left Washington DC on Air Force 1. Even though we heard Lady Gaga and J Lo singing at Joe Biden's inauguration ceremony, Bernie Sanders and his mittens stole the show. Many memes were created of the photo. Not only did the story take our hearts but good also came from it as Bernie decided to put the meme on jumpers and sell them to raise money for charities in the United States like meals on wheels. How lovely is that?!


Do you have any good stories today? Your story does not have to be unbelievable nor unusual. We often find happiness and tranquility in the little things in life.


Listening to good news is great and positive things can give us courage. That said if you're struggling, it's a good idea to get help. Contact a friend or person from your family or go to your doctor. I will leave links for supports, including helplines, in the bio that goes with this episode.


Many thanks for listening to this episode. I’m really sorry if I didn’t pronounce something correctly – especially the names. You can contact me on Instagram or email me. Have a wonderful fortnight. Until the next episode, stay safe, speak Irish and continue making mistakes!




 
 
 

Comentarios


bottom of page